Leabhar
Bhaile an Mhóta
|
|
| Tá oidhreacht luachmhar chultúrtha againn sna lámhscríbhinní móra Gaeilge atá coinnithe sa chuid is mó in institiúidí móra léinn in Éirinn agus thar lear. Is cinnte gur cailleadh a lán acu ach tá saibhreas iontach léinn agus litríochta sa chuid a tháinig slán trí bhlianta corraitheacha na staire. Baill de theaghlaigh móra léinn agus liteartha a scríobh cuid mhaith de na lámhscríbhinní seo. Bailiúcháin atá iontu d'fhilíocht, prós, gramadach, ábhar eaglasta, eolaíocht agus leigheas, dinnseanchas, ginealaigh agus stair. Scríobhadh nó cóipeáladh iad do phátrúin i measc taoiseach na nGael a chuir an luach orthu. | |
|
Sampla maith de ceann de na lámhscríbhinní seo ná Leabhar Bhaile an Mhóta ar scríobh Maghnas Ó Duibhgeannáin an chuid is mó de do Mhac Donnchadha Thír Ailealla, gair do Bhaile an Mhóta i Sligeach thart ar 1400. Bhí beirt eile páirteach san obair chomh maith, Solam Ó Droma agus Robertus Mac Síthigh. I 1522 díoladh an lámhscríbhinní le Aodh Óg Ó Domhnaill ar 140 bó bainne, cómhartha ar an luach a bhí air san am. Ní cloistear faoi arís ar feadh i bhfad ach go raibh sé i mBaile Átha Cliath i 1620 agus i gColáiste na Tríonóide i 1700. Ní mór dúinn a bheith buíoch do bhailitheoirí ón mBreatain a shábháil a lán de lámhscríbhinní luachmhara na Gaeilge ón scrios a bhain le briseadh an chórais Ghaeligh sa tír agus na cogaidh uile sa 17ú hAois. |
|
![]() |
|